Ainm coitianta é Drualus ar scata plandaí a fhásann mar sheadáin ar sceacha nó crainn. Baineann an duine úsáid as an lus go háirithe um Nollaig. Tá de nós i roinnt traidisiún san Iarthar go gcrochtar an lus i bhfoirgnimh agus go bpógann beirt má chasann siad ar a chéile faoina bhun (fear agus bean go traidisiúnta). Tháinig an nós seo chun cinn le linn ré na Críostaíochta agus faoi dheireadh na hochtú haoise déag bhíodh sé coitianta i measc searbhóntaí i Sasana.